Coirnéal Comhairleach na Nollag, Nósanna na Nollag, Seoirse Ó Dochartaigh.
Coirnéal Comhairleach Nollag Chaoimhe Ní Chathail, léargas an Dr Neil Comer ar na nósanna Nollag is coitianta agus ar an stair taobh thiar dóibh, agus labhraíonn Noel Ó Gallchóir, drámadóir, faoin oidhreacht atá fágtha ag an cheoltóir Seoirse Ó Dochartaigh, a fuair bás le déanaí.Caoimhe Ní Chathail’s Christmas Agony Aunts, Dr Neil Comer explores common Christmas traditions and playwright Noel Ó Gallchóir discusses the legacy of musician Seoirse Ó Dochartaigh, who died recently.
--------
23:57
--------
23:57
Fraud Awareness Week, Wellness for Winter, Dronuilleog an Scríbhneora
Seachtain Feasachta ar an Chalaois atá ann agus tugann Andy Caomhánach, saineolaí teicneolaíochta, léargas dúinn ar an bhealach le calaois a aithint agus le muid féin a chosaint uaithi. Tá an geimhreadh buailte linn go cinnte, agus cluineann muid comhairle ón chóitseálaí saoil agus éascaitheoir oibre anála, Marian Ní Chonghaile, mar gheall ar mhodhanna leis an solas a ligean isteach sna míonna dorcha seo. Agus cluineann muid faoi Dronuilleog an Scríbhneora, spás nua i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire a bhaileoidh scríbhneoirí le chéile le tacaíocht agus misneach a chothú as a bheith ag cur peann le pár as Gaeilge.It’s Fraud Awareness Week, and technology expert Andy Caomhánach shares his tips on how to detect fraud and protect ourselves from it. The weather has taken a wintry turn, and life coach and breathwork facilitator Marian Ní Chonghaile has words of wisdom for us on how to bring some light into the darkest months of the year. Finally we hear about Dronuilleog an Scríbhneora, a new space in Derry's Cultúrlann Uí Chanáin bringing writers together in solidarity and support as they create work in the Irish language.
--------
27:46
--------
27:46
Séamas Ó Donnghaile’s Storytelling, Cloch in Áit an Charnáin, Children In Need funded project at Glór na Móna.
Buaileann Séamas Ó Donnghaile, Cathaoirleach Chumann Chluain Árd, isteach orainn sa stiúideo i ndiaidh dó an chéad áit a bhaint sa chomórtas cáilithe don Scéalaíocht ag Oireachtas na Samhna. Leis an leabhar úr Cloch In Áit An Charnáin, tá léargas luachmhar tugtha ag an údar Pádraig Ó Tiarnaigh dúinn ar shaol agus ar shaothar an bhailitheora béaloidis Seán Ó hEochaidh as Teileann. Cluineann muid tuairisc Phroinsias Uí Choinn ó sheoladh an leabhair. Leis an fheachtas bhliaintiúil Children In Need faoi lán seoil, cluineann muid faoi thionscnamh óige maoinithe ag Children In Need ag Glór na Móna i mBéal Feirste.Séamas Ó Donnghaile, Chairman of Cumann Chluain Árd, calls in to the studio after winning first place in the qualification competition for Storytelling at the Oireachtas na Samhna festival. And with the newly published book, Cloch In Áit An Charnáin, author Pádraig Ó Tiarnaigh has provided a valuable insight into the life and work of the Teileann folklore collector, Seán Ó hEochaidh. Proinsias Ó Coinn reports for Blas from the launch. With the annual Children In Need campaign in full swing, we hear about an Irish-language youth project at Glór na Móna in Belfast funded by Children In Need.
--------
29:34
--------
29:34
New technology in Irish, International Stress Awareness Day
Cluineann muid ó Ailbhe Ní Chasaide, comhstiúrthóir abair.ie ag Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath, agus ón mhac léinn dochtúireachta Liam Lonergan, faoin uirlis nua Fotheidil le tras-scríbhinní Gaeilge a ghiniúint. Agus ar Lá Idirnáisiúnta ar an Strus, labhraíonn an Dr Máire Treasa Ní Cheallaigh linn faoin dóigh le strus a aithint agus an bealach le dul i ngleic leis go héifeachtach.We hear from Ailbhe Ní Chasaide, co-director of abair.ie at Trinity College Dublin, and from TCD PhD student Liam Lonergan, about the new Fotheidil tool to generate transcriptions in Irish. And on International Stress Awareness Day, Dr Máire Treasa Ní Cheallaigh talks to us about how to recognise stress and the best ways to deal with it effectively
--------
29:54
--------
29:54
Book Week, Aonghus Lambkin, Bád Ón Alltar with Michael Gallen.
Cluineann muid ó cheardlann draíochta scéalaíochta leis na scríbhneoirí Sadhbh Devlin agus Máire Zepf i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Tá an t-oibrí daonnúil Aonghas Lambkin linn leis an scéal is déanaí as Gaza a chíoradh agus téann Caoimhe ar cuairt chuig cleachtadh ceoil de chuid an chumadóra Michael Gallen, agus a shaothar úr, Bád Ón Alltar, ar tí bheith curtha ar an ardán le Ceolfhoireann Uladh. Cluineann muid ó Mhuireann Nic Amhlaoibh, duine de na ceoltóirí traidisúnta atá roghnaithe aige le bheith ag seinm ar an phíosa corraitheach seo.We hear from a magical storytelling workshop with writers Sadhbh Devlin and Máire Zepf at Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. Humanitarian worker Aonghas Lambkin analyses the latest news from Gaza. And Caoimhe visits a music rehearsal by composer Michael Gallen, whose new work Bád Ón Alltar is about to be staged with the Ulster Orchestra. We hear from Muireann Nic Amhlaoibh, one of the traditional musicians selected to perform in this powerful piece.
--------
27:54
--------
27:54
Über Blas Pod
Podchraoladh: Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas.